An tImeall#57: Dá mbeadh uirlisí blagála ag Newton agus Leibniz? (9.12.2005, 07:10 UTC)
Tá sraith nua úirlisí cumarsáide agus faisnéise dá togáil i láthair na h-uaire ar an idirlíon ar a ghlaonn daoine áirithe "Web 2.0" ("Web-Two-Point-O", nó "Gréasán-A-Dó"). San áireamh seo, tugtar Web 1.0 ar an gcéad bhorradh mór ar cuireadh stop leis le briseadh na "dot-coms" i 2001. Ach le bliain nó dhó anuas, tá sruth caipitil fiontraíochta ag cothú úrchomhlachtaí beaga i "...
Link | Clicks: 0
An tImeall#56: Aimsigh.com! (8.12.2005, 12:08 UTC)
Gabh mo leithscéal faoi inné. Bhíos ag stracadh leis an saol! Féile Ghiniúint na Maighdine gan Smál, agus tús traidisiúnta an tséasúir siopadóireachta in Éirinn. Aimsigh.com! Inneall cuardaigh sain-oiriúnaithe don nGaeilge! Sár-obair déanta ag Kevin Scannell ar seo. Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge ar oscailt in Inis. Aon imeachtaí ar leith ar siúl san áit ina bhfuil sibhse, cuir chugam i...
Link | Clicks: 1
An tImeall#55: Vox Pop: Cén fáth an Ghaeilge? (6.12.2005, 09:37 UTC)
Oíche shóisialta aréir agam. Ag scaipeadh soiscéil na blagadóireachta agus na podchraoltoireachta! Scairt amach do mo chara Pat! Vox Pop na seachtaine. Chuireas an cheist: "Cén fáth an Ghaeilge?" Dar le Séamas ní chuirfí an cheist i dtaobh aon teanga eile! Vox Pop Nua! Do theachtaireacht Nollag! Dein taifead agus seol an fhuaim go dtí imeall@gmail.com, nó scríobh síos i ríomhphost é agus léifead amach ...
Link | Clicks: 0
An tImeall#54: Bhfuil Siopadóireacht na Nollag Déanta Agaibh? (5.12.2005, 09:36 UTC)
Ualach rudaí le rá ach cuirfidh mé srian orm féin. Rial nua ar an Imeall: 12 nóimeád ar fhaid! Cuairt ar Chill Aírne le linn a DS. Ag caitheamh an lóin. An freastalaí Pacastáineach a labhair Gaeilge linn! Dearacadh dearfach an imircigh faoi chaibidil ar Slugger O'TooleCeol Podslán i nGaeilge! 's Mó Damanta Cróga Nua-Eabhraic le Tí Trá Lí Media. 'Sea, tá Séamas Ó Neachtain istigh ann! Má ...
Link | Clicks: 0
An tImeall#53: Plainéad na mBlaganna (2.12.2005, 06:45 UTC)
Is ar shaol na blagadóireachta atá an colún seo dírithe, agus is as an saol san a thagann formhór na bhfoinsí eolais go ndeintear tagairt orthu anseo. Is reábhlóid féin-fhoilsithe í an bhlagadóireacht, ina bhfuil na mílte daoine aonaracha ag foilsiú dóibh fein gan bhac, gan chostas, nó ar chostas an-íseal. Cuid des na daoine seo, is saineolaithe iad i ngnéithe áirithe, nó tá taithí ar leith...
Link | Clicks: 0
An tImeall#52: Tá na Podchraoltóirí ag Teacht (1.12.2005, 08:36 UTC)
Podchraoladh Gaeilge Nua! Cumann Carad na Gaeilge. Tá blag acu ag philo-celtic.blogspot.com, agus tá sé ina phodchraoladh. Tá an fotha RSS ag feeds.feedburner.com/Philo-Celtic.Ag eascairt as an léarscáil: Gaeltacht Shasana Nua! BreacGhaeltacht Berkeley. Ag Beckett's Irish Pub, 2271 Shattuck Avenue, Berkeley. Gach Máirt idir a 6 agus a 7 a chlog. An Cúléisteoir arna fholsiú ag AnGhaeltacht.net Clár Plé Beo. Tá cuma deas ...
Link | Clicks: 0
An tImeall#51: Pobal Scaipthe na Gaeilge (30.11.2005, 08:30 UTC)
Seo an clár ar chóir a bheith foilsithe inné - mar sin, cloisfidh sibh mé a' rá gur inniu an Mháirt! (Tá sé dá fhoilsíu anois agam ar an gCéadaoin 30 Samhain) 47 ainm luaite ar an léarscáil frappr ag an bpoinnte seo. Maith sibh go léir! Seo iad an chuid de phobal na Gaeilge atá ag baint úsáid as an idirlíon chun a chuid Gaeilge a chleachtadh. Ag féachaint ar an léarscáil is léir ...
Link | Clicks: 0
An tImeallAr an Imeall, gan aon Leathanbhanda! (29.11.2005, 08:52 UTC)
Ni chloisfear ón Imeall inniu. Táim as baile, ar cuairt le mo mhuintir. Tá podchraoladh an lae taifeadta, ach deir mo ríomhaire liom go dtógfaidh sé 2 uair a chloig é a chaitheamh in airde ar an ríomhaire freastal ag úsáid líne guthán mo mháthar!
Link | Clicks: 0
An tImeall#50: Cúrsaí Ceoil (28.11.2005, 12:23 UTC)
Foclóir Fiontar. Bhíodh seo saor in aisce. Anois caithfidh tú leabhar a cheannach. Cé cheannóidh é? Dála an scéil: Tá englishirishdictionary.com - ar fheabhas! Cúrsaí ceoil: Níl ach píosa ceoil amháin i nGaeilge casta agam ó chuireas tús leis an iarracht seo. Tá iarratas uaim istigh le IMRO ach níl aon chóras i bhfeidhm fós ag na h-eagraíochtaí seo chun plé le podchraolt
Link | Clicks: 0
An tImeallAn tImeall #49 : An Ríomhaire Glúine ar $100 (25.11.2005, 07:00 UTC)
Táim an-thógtha le scéal a chuala i gcaitheamh na seachtaine. An cuimhin libh Nicholas Negroponte? Is é atá ina chathaoirleach ar an Media Lab in Institiúid Teicneolaíochta Massachussets (MIT). Bhí an-thrácht air sa tír seo nuair a bunaíodh Media Lab Europe i mBaile Átha Cliath, le tacaíocht ón rialtais. Faraoir, dúnadh MLE ag tús na bliana seo. Níor éirigh leo tacaíocht airgeadais a mhealladh 
Link | Clicks: 0
An tImeallAn tImeall #48 : Déardaoin ar éigin (24.11.2005, 23:59 UTC)
Athshonrú gairid. Suim léirithe ag na mór-mheáin Ghaeilge in eachtraí an Imill. Alt an lae amaírigh do Lá scríofa agus seolta An léarscáil ag líonadh. Fáilte roimh Keola! Na Vox-popanna - Dé Domhnaigh an sprioc agus craolfar iad Dé Luain nó Dé Máirt. Fáilte roimh phodchraoltóir nua: April! Fáilte roimh Bhlag Aonghusa! Ceol Podslán: Mercury in Retrograde le The Reverse Engineers L...
Link | Clicks: 0
An tImeallAn tImeall #47 : Ag Dul Thar Sáile (23.11.2005, 16:10 UTC)
Podchraoladh taifeadta ar bord an Shannon Breeze, bád de chuid Comhlacht Farantóireachta na Sionainne idir Tairbeart agus Cill Íomaí. Ceol Podslán: Our Nights le Lovespirals Táim "hireáilte"! Foilseofar An tImeall ina cholún sa nuachtán Lá, ar feadh tréimhse triallach, ag tosnú Dé hAoine seo chugainn. Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh, meáinchumarsáide
Link | Clicks: 0
An tImeallAn tImeall #46 : Agallamh ar Raidio na Life (22.11.2005, 07:38 UTC)
An t-agallamh a chuir lucht An Ríomhchlár ar Raidió na Life orm ar 14ú Samhain. Táim buíoch de Fearghas a sheol chugam an cóip. Tá an Ríomhchlár ina phodchraoladh anois chomh maith ós rud é go bhfuil Fotha RSS curtha ar fáil acu atá so-léite ag bogearraí podghabhála. Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh, meáinchumarsáide
Link | Clicks: 0
An tImeallAn tImeall #45 : Léarscáil Frappr na Gaeilge (21.11.2005, 08:15 UTC)
Ag eascairt ó phlé a bhí agam le Cionaodh, agus ag cur leis an smaoineamh atá in Vox Pop na Seachtaine seo, seo dhaoibh Léarscáil Frappr do Phobal Gaeilge an Idirlín. Glaoimís an rolla. Má tá Gaeilge agat, dein béic orainn! Ardaigh do lámh. Fág do rian ar an léarscáil. Ní gá d'ainm agus do sheoladh iomlán a thabhairt, ach seo deis chun a thaispéaint cá bhfuil an Ghaeilge in úsáid....
Link | Clicks: 0
An tImeallAn tImeall #44 : Cá Bhfuil Tú? (18.11.2005, 07:46 UTC)
Vox Pop na seachtaine seo chugainn spreagtha ag léarscáil na gcuairteoirí. Ceist na seachtaine seo: Cá bhfuil tú? Is fearr abairt amháin. 15 soicind ar a mhéid. Seol na comhaid fuaime go dtí: imeall@gmail.com Nó skype orm ag an seoladh "imeallach" agus fág teachtaireacht. Spriocdháta Déardaoin, 24ú. Ceol Podslán: Drive Away le Matthew Ebel Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh
Link | Clicks: 0
An tImeallAn tImeall #43 : Podchraoladh Laethúil agus iTunes (17.11.2005, 12:00 UTC)
Maidir leis an plé a bhí againn ar cé chomh minic agus is cóir dom an clár seo a fhoilsiú - go raibh maith agaibh as bhúr bhfreagraí. Beimíd ag cloí leis an gcóras mar atá. Treoracha agam anseo ar Flickr maidir le conas do bhogearra iTunes a shocrú chun na h-eagráin go léir do phodchraoladh laethúil a tharraingt anuas. Rudaí atá beartaithe agam: Agallaimh, Spaisteoireacht, Fánaíocht Cursai...
Link | Clicks: 0
An tImeallAn tImeall #42 : Eachtraí Dawn and Drew (16.11.2005, 09:00 UTC)
Podchraoladh na seachtaine seo: Dawn and Drew! Sliocht anseo le "mashup" a a cheap a gcara "Stalker Ed". Féachaígí an t-agallamh teilifíse a dhein Fox 6 News - Milwaukee leo. Tá sé ar fáil ar an leathanach seo. Píosa Filíochta an lae inné in ómós do North Atlantic Skyline Tuairiscí ar an Oireachtas ó Chlár Plé Beo agus cuntas an bhlagadóra ó Hilary. Borradh na blagadóireachta Gaeilge: April ar...
Link | Clicks: 0
An tImeall (15.11.2005, 12:19 UTC)
Link | Clicks: 0
An tImeallAn tImeall #41 : Tháinig long ó Valparaiso (15.11.2005, 06:30 UTC)
Tháinig Long ó ValparaisoPádraig de Brún 1889-1960Tháinig long ó Valparaiso,Scaoileadh téad a seol sa chuan,Chuir a hainm dom i gcuimhne Ríocht na Gréine, Tír na mBua. "Gluais,' ar sí, 'ar thuras fada,Liom ó scamall is ó cheo,Tá fé shleasaibh gorm AndesCathair scáfar, glé mar sheod."Bhíos óg is ní imeoinnse,Am an dóchais, tus mo shaoil,Chreideas fós go raibh i ndán dom Iontaisí...
Link | Clicks: 1
An tImeallAn tImeall #40 : Rannpháirteacht (14.11.2005, 08:34 UTC)
Gréasán 2.0. Réabhlóid na dtomhaltóirí. Tá liosta nascanna iontrálach bailithe le chéile agam. Cuirfidh mé ar an mblag iad go luath. Fadhbanna fuaime na hAoine seo chaite. Gabh mo leithscéal - agus go raibh míle maith agaibh sibhse a chuir ar an eolas mé. Táimid ag foghlaim na ceirde seo de réir a chéile - agus tá sibhse páirteach san iarracht. Léiriú fuaime, ábhair cainte, leagan am...
Link | Clicks: 0
An tImeallAthfhoilsiú (11.11.2005, 23:40 UTC)
Dheineas praiseach den gcaighdéan fuaime in eagrán an lae inniu. Tá leagan eile anseo atá ábhairín níos fearr. Gabh mo leithscéal.
Link | Clicks: 0
An tImeallAn tImeall #39 : Níl puinn ullmhúcháin déanta agam (11.11.2005, 13:38 UTC)
An tImeall "Remix". Athmheascaithe ag Séamas Poncán! :-) Ciocu is fearr libh: cláracha gearra laethúla, nó clár fada seachtainiúil? Bíodh deireadh seachtaine deas agaibh! Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh´
Link | Clicks: 0
An tImeallAn tImeall #38 : Oscars na mBlaganna (9.11.2005, 12:45 UTC)
Tá rannóg Ghaeilge molta dos na Irish Blog Awards. 'Sé mo thuairimse gur chóir an teideal "Best Irish Language Blog" a leathnú go dtí “Best Use of the Irish Language in a Blog”. Tá mo thuairim curtha in iúil agam go dtí lucht eagraithe na nduaiseanna ar an suíomh seo. Cad a cheapann sibhse? Scéal an Phíobaire Cloisfear an tImeallach ar an raidió anocht - ar an gclár Tobar an Cheantair, ar KCLR 96FM i gCeathar...
Link | Clicks: 2
An tImeallAn tImeall #37 : Fáilte don Éan (8.11.2005, 08:57 UTC)
Failte don Éanle Séamas Dall Mac Cuarta (1647? - 1733)Fáilte don éan is binne ar chraoibh, Labras ar chaoin na dtor le gréin; Domsa is fada tuirse an tsaoil, Nach bhfeiceann í le teacht an fhéir. Gach neach dá bhfeiceann cruth na n-éan, Amharc Éireann, deas is tuaidh, Bláth na dtulach ar gach taoibh - Is dóibh is aoibhne bheith á lua. Cluinim cé nach bhfeicim gné, Seinm an éin darb ainm cuach; Amharc uirthi i mbarr...
Link | Clicks: 0
An tImeallAn tImeall #36 : Táim fós anseo (7.11.2005, 07:30 UTC)
Voxpopanna ar an gceist: "Conas do dhochtúir teaghlaigh a athrú?" Podchraoltóirí na seachtaine seo: Nicole agus Séamas! Go raibh maith agaibh beirt! (Ceol Podslán: Irish Eye le The Meshes) Mo sheoladh nua gmail (buíochas do Nicole a bhronn cuireadh orm!): imeall@gmail.com. Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh´
Link | Clicks: 0
An tImeallAn tImeall #35 : Ag Baint an Fhéir Ghoirm (2.11.2005, 01:28 UTC)
Podchraoladh na Seachtaine: The Bluegrass Preservation Society, Gassaway, West Virginia. Dhá shliocht anseo: ó eagráin 45 agus 49. Táim mí-shásta le Odeo mar phodghabhálaí! Ag filleadh ar iPodder Lemon Speam agus gadaíocht na bhfocal faire. Bígí ar aire do ríomhphostanna ó "PayPal" nó "Ebay" - mar dhea! Táim buíoch do Caoimhe a dhein an t-ábhar seo a bhlagáil cheana. Comhairle Paypal: "NEVER give yo...
Link | Clicks: 0
An tImeallAn tImeall #34 : Cuir Skype Orm! (1.11.2005, 03:50 UTC)
Cursai caighdeán fuaime: beidh cláracha uile na sechtaine seo ionchódaithe ag 96kbps. Insígí dom le bhúr thoil má bhíonn aon fhadhb agaibh leis an gcaighdeán sin fuaime. Áiseanna táirgithe fuaime don Vox Pop:Sound Recorder: ba chóir go mbeadh an clár seo fite fuaite le Windows ("C:\windows\system32\sndrec32.exe") Audacity Castblaster Skype! Faigh Skype ón suíomh skype.com, ansin cuir glaoch skype orm ag an ainm "i...
Link | Clicks: 0
An tImeallAn tImeall #33 : Vox Pop: An Píosa Ceoil is Ansa Liom (28.10.2005, 06:20 UTC)
Níl ach Vox Pop amháin seolta isteach an tseachtain seo: le Seamas Ó Neachtain. GRMA a Shéamais! Ábhar cainte na seachtaine seo chugainn: "Conas do dochtúir teaghlaigh a athrú?" 30" ar fhaid, WAV no MP3. Guth lom gan tionlacan ceoil. An tOireachtas ag tosnú Dé Luain! Sibhse atá ag triail ar chathair Chorcaí - bainigí sult as. Tapaígí an deis chun soiscéal na podchraoltóireachta a scaipeadh! Má chasann ...
Link | Clicks: 0
An tImeallAn tImeall #32 : Ar Muin na Muice (26.10.2005, 15:21 UTC)
Ar Muin na Muice an t-ainm atá ar chlár Gaeilge NEAR FM, atá dá phodchraoladh acu. Tá an Soláthar RSS ar fáil anseo. Go n-éirí leo! Wiki Ireland, tionscnamh nua le John Breslin ag bailiú béaloidis agus chultúr na ndaoine. Operation Eden: "She said she and some of the other volunteers had taken their official FEMA blue shirts, and used them to clean the floor." Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh
Link | Clicks: 0
An tImeallAn tImeall #31 : Maidin Chaca i San Francisco (24.10.2005, 22:05 UTC)
Cur síos ar an aimsir i dTuaisceart Chalifornia inniu, ón "Podfather", Adam Curry (Daily Source Code #265). Tá a chéad phodchraoladh físe déanta aige inniu chomh maith.Scéal dochreidte Liam Lawlor. Splaganna! Athchoiriú an tsoláthair RSS curtha i gcrích. Uimhir 26 ar ais sa tsraith. An tsraith iomlán podchraoltaí ag dul siar go mí Iúil. Teanga an phodchraolta á fhógairt i gceart: "ga-IE". Abair liom maith bh...
Link | Clicks: 0
MetaRSS 0.92 Feed   RDF 1.0 Feed
Atom Feed
TechPHP5 Powered   PEAR Powered
Popoon Powered   Planet PHP Powered
ButtonsPOTB Button   POTB Button 2