Hilary NYAn radhairc trí bhfuinneog m’oifig. (9.12.2005, 17:40 UTC)
Is aoibhinn liom aimsir na Nollag.
Link | Clicks: 0
Hilary NYAimsir Sealgaireachta (7.12.2005, 18:42 UTC)
Thosnaigh aimsir sealgaireachta na mBéar in New Jersey an tseachtain seo agus chuir sé isteach orm féachaint ar an NY Times inné agus na sealgairí chomh bródúil sin as a gcuid barbarthachta.Bhí ceann des na béar breis agus 700 lbs. Is cosúil go bhfuil sé níos éasca iad a mharú i mbliana toisc an sneachta ar an talamh.Tá sé ráite gurb é an bruscair an príomh fhadhb…dá mbeadh iad atá ina...
Link | Clicks: 0
Hilary NYMaisiúcháin an Tí Déanta Agam (5.12.2005, 18:59 UTC)
Táim ag éirí a bheith ullmhaithe i gcomhair na Nollag! Tá an crann Nollaig ina sheasamh go diail sa seomra suite. Tá maisiúcháin againn ó thángamar le cheile, blianta ó shin, ansin rudaí beaga a dhein na buachaillí nuair a bhíodar óg agus a leithéid, agus bainim taitneamh as iad a crochadh suas gach bhliain. Bímid cúramach agus sinn ag glanadh ar an 6ú lá de mhí Eanáir ach i gcónaí...
Link | Clicks: 0
Hilary NYAr ais. (1.12.2005, 16:44 UTC)
Chuir Lá Altaithe tús le deireadh seachtaine bhreá. Bhíomar traochta oíche Dhéardaoin tar éis seacht uaire le trí dís eile, iad go léir as Sasana agus lonnaithe anseo i NY chomh maith. Ansin Dé hAoine ó thuaidh linn go North Creek agus bhí sneachta iontach ann, chaitheamar dhá lá ag sciáil agus anois tá cosa laga troma agam dá bharr, ach b’fhiú é. Thángamar ar bhialann iontach darbh ai...
Link | Clicks: 0
Hilary NYLá Altaithe (22.11.2005, 18:46 UTC)
Chuir Daithi é seo chugam ar maidin, táim fós ag gaíre............ grma a Dhaithí :) Tá Lá Altaithe ag teacht. Nuair a thángamar anseo ar dtús ní raibh ceiliúradh ar bith againn ar an Lá seo, ní raibh suim againn ann. Bhíodh lá breá againn, i gcónaí rachaimis chuig scannán éigin agus d’fheicfimis roinnt eachtrannach eile san amharclann. Bhíodh dinnéar deas againn ansin tar...
Link | Clicks: 0
Hilary NYCeol Craic Comhrá Comhluadar (18.11.2005, 19:19 UTC)
Bhíos i bpub Sean Dunne i White Plains oíche Chéadaoin. Is pub mór le rá é Dunne’s i gciorcal cheoil anseo i NY. Bíonn seisiún iontach ansin gach Céadaoin idir 7.30 agus 10.30 agus ard caighdeán cheoil le cloisint ann, Brian Conway i gceannas, le cairde mar An Bheirt Noras, Paddy Shields agus Myron Bretholz ó Baltimore.Fuaireas cuireadh ó Paddy Shields, duine des na ceoltóirí a bhíonn ag seinm sa phub go rialta, t...
Link | Clicks: 0
Hilary NYE-Club Leabhair (17.11.2005, 15:18 UTC)
Fuaireas e-phoist ó mo chara Colleen Dollard inné faoi phlean E-club leabhair a bhunú. Is as Washington ó dhúchas í ach lonnaithe i mBAC atá sí anois le breis agus dhá bhliain anuas. Bean éirimiúil spleodrach aigeantach bíogúil amach is amach í agus i gcónaí ag teacht aníos le eachtraí nua an teanga a spreagadh iontu a bhíonn muinín in easnamh acu.Sílim gur plean ana mhaith é seo, t
Link | Clicks: 0
Hilary NYPictiúir Scanrúla agus Leabhar Suimiúil (15.11.2005, 22:15 UTC)
Luaigh mé timpiste bhóthar tá cúpla lá ó shin inar tháinig Mike (16), cara Céin, agus a dheartháir(11) slán. D’iarr a mháthair air pictiúir den chairr bhriste a chur chuig a chairde mar rabhadh ………... Deacair a creidiúint nár ghortaigh éinne, rinneadh fíor praiseach den charr. Bhí rang ana mhaith againn oíche Luain agus d’iarr Máire Áine (atá páirteach...
Link | Clicks: 0
Hilary NYTuras an Chraoibhín (14.11.2005, 20:33 UTC)
Bhíos ag smaoineamh inné go raibh sé in am a bheith ag teacht ar dáta oiriúnach don Lá na Gaeilge 2006 agus aniar aduaidh tháinig ephoist chugam ó chara agam Brian ÓBroin atá lonnaithe i New Jersey. Bhí Brian páirteach mar mhúinteoir an ard ranga i mbliana ar an Lá mór. Rinne sé roinnt taifead an lá sin agus dheineas glan dearmad fúthu go dtí gur tháinig an nasc seo uaidh. Anois tá clá
Link | Clicks: 0
Hilary NYMaireann an spiorad go deo (11.11.2005, 19:00 UTC)
Is áiteanna aisteacha iad na reiligí, bíonn siad an suimiúil ar shlí agus is minic a chaitheas am ag siúil agus ag léamh na leac tuamaí. Cúpla bhliain ó shin nuair a bhíos i gCorca Dhuibhne le beirt cairde agam chuamar ag lorg leac na n-uaigheanna Pheig agus An t-Oileánach agus sinn inár dturasóirí, fiú ansin, cé nach raibh aithne ar bith agam ar iad siúd a bhí ina gcodladh síoraí ann th
Link | Clicks: 0
Hilary NYSmaointe ar Oireachtas na Samhna 2005 (8.11.2005, 21:31 UTC)
Ar ais anois i NY tar éis tréimhse bhreá in Éirinn. Seachtain le mo mhuintir agus ansin ó dheas liom go cathair Corcaí le mo chara Eibhlín, Féile na Samna ár gceann scríbe agus i lonnaithe i mbliana in óstlann Rochestown Park . Chuaigh mé ag an Oireachtas don chéad uair i 2003 nuair a bhí sé i dTrá Lí, bhí an ceann sin ar fheabhas agus bhíos ag súil go mór le cathair Corcaí an uair s...
Link | Clicks: 0
Hilary NYOiche Shamhna (31.10.2005, 16:37 UTC)
Anseo ataim i Luimneach in Internet Cafe ag iarraigh mo mhear a choimead ar mo chuid ephoist srl. Nil an aimsir go dona, tais go leor ach nil se fuair mar a bhionn se de gnath ag an am seo den bhliain. Dorcha go luath sa trathnona anois agus ar ndoigh beidh na paisti fiain anocht....ta an chathair ag feachaint go brea ach amhain an tracht, ach ni sceal nua e sin...........
Link | Clicks: 1
Hilary NYAr Chipíní (26.10.2005, 18:46 UTC)
Níl scéal fós ó oifig Patrick Fitzgerald. Is cosúil go bhfuil lucht an rialtais i Washington ar chipíní!Beidh mé ag imeacht go Boston sa thráthnóna agus ansin go Sionainn, (i bhfad níos saoire ná díreach ó NYC go Sionainn.) Ba ghearr, is dócha, go ligfidh an scéal chun dearmaid. Nuair a thagaim ar ais beidh scannal nua ann.…..Seachtain i gcathair Luimnigh agus trí lá i gcathair Corcaigh ag Féile ...
Link | Clicks: 0
Hilary NYPlamegate (24.10.2005, 19:15 UTC)
Nó, mar a chonaic ar maidin, “Plame Name Blame Game “ Dáiríre, tá an cheist seo casta ach ní thuigim rud amháin. Ba é Robert Novak an iriseoir a scríobh an t-alt ar dtús i 2003 ach ní chloistear a ainm ró mhinic le déanaí. Tuige nár chuireadh ceist a fhoinse eolais díreach air? Fháil amach cé hiad na daoine atá orthu an locht? Anois tá Judith Millar ar ais faoin spotsolas agus soléir...
Link | Clicks: 0
Hilary NYRé an Riomhaire i Saolta na nÓg (23.10.2005, 13:54 UTC)
Leigh mé alt sa NY Times inniu faoi páistí a gcaitheann an iomarca ama ar an ríomhaire agus chuireann sé seo isteach ar a dtuismitheoirí.Tuigim ar thaobh amháin, tá athrú tagtha ar saolta na bpáistí, feicim nach bhfuil suim ag mo chuid sa teilifís ar chor ar bith mar shampla, agus ba é an trioblóid a bhí ag tuismitheoirí roimhe an ré seo, ré an ríomhaire. Sílimse gur rud ana mhaith é nach...
Link | Clicks: 0
Hilary NYNíl Cothrom na Féinne ann! (20.10.2005, 16:30 UTC)
Bhí sé in am scrúdú súile a bheith agam agus bhíos ag smaoineamh ar lionsaí a fháil. Is cuma liom na spéaclaí ach cheapas go mbeadh sé níos éasca ó thaobh an sciáil de…(agus tá aimsir na sciála ag teacht Deo Gratias)…….Bhaineas triail astu blianta ó shin ach caithfidh mé a rá go raibh mé ró leisciúil an méid sin glantachán a dhéanamh gach oích...
Link | Clicks: 0
Hilary NYStir Crazy / Bhíos imithe bán! (18.10.2005, 13:41 UTC)
Fuair mé na nathanna cainte seo ó Aoife Ní Chonchúir, grma a Aoife. "Táim imithe le gealaigh / tá sé i mo chur le gealaigh Táim imithe bán / tá sé i mo thiomáint bán Táim ag braistint corrathónach (má bhíonn tú just restless)" Dáiríre, bhíos imithe bán leis an bhfearthainne an tseachtain seo chaite, ach bhí deireadh seachtaine bhreá againn sa Adirondacks, O...
Link | Clicks: 0
Hilary NYAg Greadadh Báistí... (14.10.2005, 15:13 UTC)
Tá sé fós ag greadadh báistí, is mór an lán uisce atá caite aige. Seo é an t-ochtú lá gan stad! Ní bhíonn sé mar seo de gnáth, cheapas go raibh mé slán ón drochaimsir seo, b’fhearr liom an sneachta aon uair.Faighim tuisceanach ach, faraor ní fhaighim comhbhrón ar bith ó mo chairde in Éirinn. “…..ná déan dearmad ar an saol atá againne” a smaoin
Link | Clicks: 0
Hilary NYFimíneacht (12.10.2005, 13:29 UTC)
Tá níos mo ar an NY Times inniu faoin gcléir Chaitliceach i California agus drochíde na bpáistí. Scaoileadh na comhaid faoi 126 sagart in LA inniu agus is léir go raibh an trioblóid seo ar siúl breis agus 75 bliana. Bíonn sos againn ón nuacht seo ar feadh míosa nó dhó agus ansin tagann eolas breise chugainn. Gach uair bíonn an t-eolas níos measa, tá sé níos measa ná ‘scannal’ dar l...
Link | Clicks: 0
Hilary NYAll Nighter (10.10.2005, 21:09 UTC)
Tháinig an saol idir mé féin agus mo bhlog. Tá sé beagnach seachtain ó scríobhas focal anseo. Bhí brú oibre orm an tseachtain seo chaite go dtí go raibh fíor pian sa tóin agam ó bheith os chomhair mo ríomhaire. Ansin, mar luach saothair, bhí an deireadh seachtaine thar barr. Do thuirling cairde ó áiteanna éagsúla orm anseo Dé hAoine. Ar dtús, na ceoltóirí Randal agus Roger atá
Link | Clicks: 0
Hilary NYI bhfocal Maggie Thatcher “Out Out Out” (5.10.2005, 00:17 UTC)
Tar éis éisteachta ar scéalta ó mharthanóirí Katrina agus Rita, rith sé liom go raibh sé in am dom glantachán a dhéanamh. Tá an iomarca stuife againn, gach áit. In ár gcófraí, i mo theach iomlán! Ar mo ríomhaire, (go mór mhór i mo Inbox) agus a leithéid. Tá saol níos simplí uaim, agus, an lá atá inniu ann, tá cuid den stuife breise seo ó dhaoine eile, níl s&...
Link | Clicks: 0
Hilary NYGadaithe agus Cothromaíocht (30.9.2005, 22:16 UTC)
Bhí cur síos sa pháipéar inniu faoi Councillor ó Pháirtí an Daonlathais i mBrooklyn, bhí sé os chomhair na cúirte ansin de dheasa airgid breise a bhfuair sé ó fear gnó sa cheantar sin, níos mó ná an méad atá ceadaithe i gcúrsaí polaitíochta na tíre seo. Fuair sé timpeall $7000 breise agus chaith sé go h-iomlán é ar chostasacha an toghcháin. Ar aon nós, n
Link | Clicks: 0
Hilary NYGet Smart (28.9.2005, 15:52 UTC)
Fuair Don Adams bás an tseachtain seo. B’é an aisteoir a bhíodh i bpáirt Maxwell Smart ar an gclár teilifíse ag deireadh na ‘60s, Get Smart. An chéad spoof ar shraith James Bond, agus é réamhtheachtaire ar Austin Powers………….. Bhí stíl dáiríre aige sa ról, le labhairt go géar, a chuid focal a giortú agus cuma dáiríre air i gcónaí ach ní raibh sé in a...
Link | Clicks: 0
Hilary NYPodchraoladh ag RTE (27.9.2005, 12:56 UTC)
Tá sé ráite go mbeidh Podchraoladh ag RTE gan mhoill, Raidio a h-aon ach go háirithe.Fuair Páraic an email seo leanas ó RTE inné agus chuireas féin ephoist díreach chuig RnaG ag iarraidh comórtas a chothú eatarthu…………! Dear Paraic, Our initial podcasting trials will begin shortly, in conjunction with our science series "The Quantum Leap" (Thursday's @ 8pm / http://www.rte.ie/radio1/quantum/) The first few weeks wil...
Link | Clicks: 1
Hilary NY (26.9.2005, 19:30 UTC)
Link | Clicks: 0
Hilary NYSlattery’s Travel….Not (25.9.2005, 14:14 UTC)
Tá eitilt socraithe agam dul go Éireann ag deireadh Mí D. Fómhair. Fuair mé ticéid le American Airlines ar phraghas réasúnta mí ó shin. Cé gur gcuireas mo shuíochán in áirithe le AA beidh mé ar eitilt Aer Lingus óir is le AA cuid bheag des na suíocháin sin……agus, an rud is tábhachtaí, is minic a bhíonn na suíochán céanna níos saoire trí AA ná trí
Link | Clicks: 0
Hilary NYFada access for Steve (25.9.2005, 13:52 UTC)
Steve,Just a quick change in your settings and the fadas are at your fingertips. Bob Burke (in Seattle) gave me this info years ago, táim ana bhuíoch díot a Bhob. I think I was on Win 98 at the time and I’ve adjusted the settings on every machine since then with no probs. On XP Start/Control Panel/Regional and Language Options/Language Tab/Details/Default Input Language…set this to English(us)-International/Installed services….Keyboard-United States -Internatio...
Link | Clicks: 0
Hilary NYCáin ar ais? Bíonn drogall ar na Canadians í a thabhairt….. (22.9.2005, 16:42 UTC)
Tá sean taithí agam le TaxBack agus a leithéid in aerphort na Sionna agus bíonn sé éasca go leor cáin a fháil ar ais, dar liom, nuair nach bhfuil tú i do chónaí in Éirinn ach tar éis airgid a fhágáil i do dhiaidh ann, rud nach ndéanann ró mhinic faoi láthair. Ansin nuair a bhíos i gCanada chuireas ceist na cánach amach agus chuala gur féidir í a fháil ar ais, cé nach raibh...
Link | Clicks: 0
Hilary NYLaissez Les Bons Temps Rouler! (21.9.2005, 21:33 UTC)
Tá na strip joints ar oscailt arís i New Orleans ! Bhuel, trí cinn acu de réir an NY Times. Tá na deochanna ar phraghsanna an-íseal chomh maith na fir oibre a mhealladh isteach. (muna dhéanann na damhsóirí cúis?) Ní raibh trácht áfach ar na h-ollmhargaí sa pháipéar, níl siadsan chomh tábhachtaí is dócha. Chuala mé go leor Fraincise ag an deireadh seachtaine cé nach raibh m
Link | Clicks: 0
Hilary NY....de ghlór múisiamach. (15.9.2005, 22:05 UTC)
Bhí mé sa bhanc inniu agus bhuaileas le seanfhear a bhí sa scuaine liom. Bhí póstaer mór ón American Red Cross le feiscint ann agus chas an seanfhear chugam agus dúirt, “Ná tabhair aon airgead dóibh siúd, ní fheicfidh tú saighdiúir ón tarna cogadh domhanda nó Korea ag tabhairt airgid chucu riamh” Cén fáth? a d’iarr mé air, (tá eagla orm go bhfuilim ag éirí i mo “M...
Link | Clicks: 0
MetaRSS 0.92 Feed   RDF 1.0 Feed
Atom Feed
TechPHP5 Powered   PEAR Powered
Popoon Powered   Planet PHP Powered
ButtonsPOTB Button   POTB Button 2